English

Cónaitheoirí in aghaidh Ciníochais ag feachtasaíocht ó 1998 i leith in aghaidh ciníochas an stáit, agus in aghaidh gach cineál ciníochais. Níl baint againn le haon pháirtí polaitiúil, ná ní bhfaighimid aon mhaoiniú ón stát.

Cuir deireadh le díbirtí

Ina measc siúd atá ag lorg dídine in Éirinn, tá daoine atá ag teitheadh ón gcogaíocht agus ón gciapadh, chomh maith le daoine atá ag iarraidh éalú ón mbochtanas, mar a rinne na mílte Éireannach san am a caitheadh. Seachas airgead a chur amú ag iarraidh iad a dhíbirt, ba cheart d’Éirinn fáilte a chur rompu chun cónaí anseo go slán sábháilte.

Lig do dhídeanaithe a bheith ag obair

Cé gur minic a fhágtar daoine ar sliobarna le blianta ag fanacht le cead cónaithe, tá cosc dlí orthu a bheith ag obair, agus bíonn orthu maireachtáil ar €19.10 amháin sa tseachtain. Daoine atá ullamh, toilteanach agus in ann a bheith ag obair, cuirtear cosc orthu sin a dhéanamh. Ba cheart ligean dóibh a bheith ag obair leis na cearta agus na coinníollacha céanna a bhíonn ag gach duine eile.

Tóg an córas dídine ó na polaiteoirí

Oifigigh a cheaptar is a bhristear ag an Aire Dlí is Cirt a shocraíonn iarratais ar dhídean. Braitheann sé ar shástacht an aire lena gcuid cinní an gcoinníonn siad a bpost nó nach gcoinníonn. Ba cheart go ndéanfaí cinní saor ó chur isteach polaitiúil, agus bunaithe ar chosaint chearta daonna. Ba cheart an córas a thógáil amach as lámha na bpolaiteoirí ar fad, agus a thabhairt ar láimh d’fhoras neamhspleách, ar nós an Choimisiúin um Chearta Daonna.




Admin login